Tá Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta á n-ullmhú ag Comhairle Contae Dhún na nGall do lár bhaile an Chlocháin Léith. Ós rud é go bhfuil muid ag obair i gcomhpháirt leis an phobal áitiúil agus le gnólachtaí agus trádálaithe áitiúla, tá an Chomhairle ag iarraidh na huaillmhianta agus na tosaíochtaí athbheochana a leagan amach do lár an bhaile. Is mór leis an Chomhairle d’ionchur féin in ullmhú na Straitéise seo agus tá muid buíoch díot as an am a ghlacadh leis an cheistneoir seo a chomhlánú. Is iad GM Design Associates atá ag cur chun cinn na Straitéise Athbheochana thar ceann na Comhairle agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí gmda@g-m-design.co.uk.
Tá an suirbhé seo ar fáil ar líne ag:
https://www.surveymonkey.co.uk/r/AnClochanLiath